Michael Kelly (1762-1826):
Teanóir agus fear
amharclainne.
Summary: This article deals with the career of Irish-born Michael Kelly (1762-1826) - as an acclaimed tenor in Italy and Vienna, and later as an important figure in the London theatre, at Drury Lane and the King's Theatre. He knew almost every great singer of his time, as well as the major British actors and actresses, and his Reminiscences contain a wealth of revelatory and illuminating anecdote. The article also drawns on the Reminiscences to illustrate constructions of Irish ethnicity, the status of the Irish language, Irish migration, and aspects of 18th and early 19th century opera and theatre.]
An Veinéis, 1782: Tá ógánach Éireannach ina aonar sa chathair. Is amhránaí é, ach níl post aige faoi láthair agus tá sé beagnach creachta. Tá litir aige á chur in aithne do Signor Andrioli áirithe. Tagann sé air i gcaife an Rialto agus tugann an fear uasal seo cuireadh chun dinnéir dó. Tá áthas ar O'Kelly (mar a thugann sé air féin sa Iodáil), atá stiúgtha leis an ocras. Ceapann sé go bhfuil pátrún nua aimsithe aige.

Agus iad ag dul i dtreo theach mo dhuine gabhann siad thar siopa liomháis:

My powdered patron paused - it was an awful pause: he reconnoitred, examined, and at last said, "Do you know, Signor, I was thinking that some of that ham would eat deliciously with our capon:- I am known in this neighbourhood, and it would not do for me to be seen buying ham - but do you go in, my child, and get two or three pounds of it, and I will walk on, and wait for you."

Déanann O'Kelly rud air. Ansin buaileann siad ar aghaidh. Téann siad thar shiopa fíona. Tarlíonn an rud céanna arís. Tugann an t-údar cur síos air féin ag an nóiméad sin, "with three pounds of ham in my pocket, and a flask of wine under each arm, sans six sous et sans souci!" Sa deireadh sroicheann siad lána brocach agus téann siad suas staighre tí shuaraigh go dtí an lochta.

Osclaíonn seanghiolla gioblach an doras.

Upon a rickety apology for a table was placed a tattered cloth, which once had been white; and two plates; and presently in came a large bowl of boiled rice.
"Where's the capon?" said my patron to his man.
"Capon!" echoed the ghost of a servant - "the -"
"Has not the rascal sent it?" cried the master.
"Rascal!" repeated the man, apparently terrified.
"I knew he would not," exclaimed my patron, with an air of exultation for which I saw no cause; "well, well, never mind, put down the ham and the wine; with these and the rice, I dare say, young gentlemean, you will be able to make it out..."


Tá fhios ag an údar anois go bhfuil bob buailte ag mo dhuine air - ach tá ocras mór air freisin, agus itheann sé a chuid.

An mhaidin ina dhiaidh sin, áfach, tugann an tIodálach ticéad dó chun freastal ar amharclann phríobáideach an Chúnta Pepoli. Téann O'Kelly ann. Tugann sé faoi deara go bhfuil fear agus bean ag breathnú go géar air. I ndiaidh an dráma tagann an fear chuige agus deir sé gur mhaith lena bhean labhairt leis. Is í sin an Signora Benini, soprán clúiteach. Tá sí tar éis é a aithint mar tenór Sasanach (tugtar 'Sasanach' air sa Veinéis) a chuala sí cheana. Tá sise fostaithe mar amhránaí ag Graz ach tá an príomhthenóir a bhí chun dul i bpáirt léi tar éis imeacht chun na Rúise and tá tenór nua a lorg aici.

"Here was a change!" arsa O'Kelly, "ten minutes before, a beggar, in a strange country, plunged in despair; now, first tenor of the Graz theatre..."

Rugadh Michael Kelly - fear an eachtra seo - i mBaile Átha Cliath i 1762. Ceannaí fíona ba ea a athair, fear a raibh post aige freisin mar Bhainisteoir na Searmanas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí cónaí orthu i Sráid Mhuire agus ba Chaitlicigh iad cé go raibh seisean ina Mháisiún ina dhiaidh sin. Theastaigh óna athair go mbeadh sé ina mháinlia ach theastaigh ón ngasúr dul leis an gceol. Rinne sé staidéar faoi amhránaí Iodálach a bhí fostaithe ag an Rotunda agus chuaigh sé ar an stáitse don chéad uair nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois i bpáirt an Chúnta i La buona figliuola le Nicolò Piccinni in amharclann Smock Alley.

Ansin i 1779 socraíodh ar é a chur chun na hIodáile ar mholadh an tsopráin fhirinn Venanzio Rauzzini agus chaith sé dhá bhliain ag foghlaim na hamhránaíochta i Naples agus in Palermo. Thosaigh sé ansin ag saothrú mar amhránaí tenór. Ach níor éirigh go rómhaith leis ar dtús: bhíodh sé thíos seal thuas seal mar a léiríonn an scéal thuas. I 1781 bhí sé ag teacht i dtír as bád ag Leghorn nuair a chas sé le beirt a bhí ina ndlúthchairde aige ina dhiaidh sin: an cumadóir ceoil Stephen Storace agus a dheirfiúr Nancy, an soprán. Bhí ocht mbliana déag aige faoin am sin. Bhí gruaig fhionn air agus é gealchraicneach. Is léir ó phortráid a deineadh nuair a bhí naoi mbliana is fiche aige gurbh fhear an-dathúil é. Nuair a chonaic Nancy Storace ar dtús é cheap sí gur chailín a bhí ann agus feisteas buachalla air. Chuala O'Kelly í á rá sin lena deartháir. "You are mistaken Miss; I am a very proper he animal and quite at your service!" ar seisean léi. B'in mar a chuir siad aithne ar a chéile. Bhí Stephen naoi mbliana déag ag an tráth sin agus bhí sé bhliana déag ag Nancy agus iad, mar aon le hO'Kelly, ag saothrú leo.

Ní in iarsmaí stairiúla na hIodáile a chuir sé suim ag an am sin: "a petticoat in a populous street in Naples was to me the finest sight in the world." Chaith sé trí lá i bpríosún sa tSicil i 1781 be bharr raic a tharla nuair a shuigh sé taobh le bean álainn in amharclann agus thosaigh sé ag cur cainte uirthi - rud a chuir as don fhear a bhí á tionlacan nuair a fuair sé O'Kelly ina shuíochán. Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí sé fostaithe san amharclann i mBrescia. D'éirigh idir é féin agus an té ar leis an amharclann - "a man of inordinately bad character, and implacable in his revenge, whenever he took offence" - faoin tsoprán Ortabella a bhí in aon lóistín le hO'Kelly. Bhí ar éaló ón amharclann agus léiriú faoi lán seoil, nuair a bhí gach aon duine eile gnóthach ag réiteach le haghaidh bailé de Léigear na Traoi a bhí mar eadarlúid sa cheoldráma ina raibh sé páirteach.

I 1784 fuair sé post le compántas a bhunaíodh i Vín faoi choimirce an Impire Seosamh II chun ceoldrámaí Iodálacha a chur ar siúl. Bhí Nancy Storace fostaithe mar prima donna leis an gcompántas seo cheana féin. Sa dhá bhliain a chaith sé i Vín chuir sé aithne mhaith ar an gcumadóir Wolfgang Amadeus Mozart. Tá cur síos maith tugtha aige ar Mozart ina Reminiscences:

He was a remarkably small man, very thin and pale, with a profusion of fine hair, of which he was rather vain... He was remarkably fond of punch, of which beverage I have seen him take copious draughts. He was also fond of billiards, and had an excellent billiard table in his house. Many and many a game have I played with him, but always came off second best. He gave Sunday concerts, at which I never was missing. He was kind-hearted, and always ready to oblige; but so very particular, when he played, that if the slightest noise were made, he instantly left off...

Ghlac O'Kelly páirt Don Basilio i gcéad léiriú Nozze di Figaro Mhozart i 1786. Tugann sé cur síos ar na cleachtaí - ag a mbíodh an t-údar féin i láthair, "with his crimson pelisse and goldlaced cocked hat". Léiríonn sé an tslí a chuaigh an ceol i bhfeidhm orthu siúd a bhí i láthair. Bhí an baratón Bennuci, a ghlac páirt Figaro, ag casadh an amhráin bhríomhair 'Non piu andrai, farfallone amoroso':

when Bennuci came to the fine passage, 'Cherubino, alla vittoria, alla gloria militar', which he gave out with Stentorian lungs, the effect was electricity itself, for the whole of the performers on the stage, and those in the orchestra, as if actuated by one feeling of delight, vociferated Bravo! Bravo! Maestro. Viva, viva, grande Mozart. Those in the orchestra I thought would never have ceased applauding, by beating the bows of their violins against the music desks. The little man acknowledged, by repreated obeisances, his thanks for the distingished mark of enthusiastic applause bestowed upon him.

Is minic é ag tagairt do na hÉireannaigh thar lear. Le linn dó a bheith i Leghorn i 1781 bhí soitheach foghla ó Bhaile Átha Cliath ansin freisin agus nuair a tugadh léiriú cabhrach do Stephen Storace tháinig beagnach foireann uile an bháid. Ag deireadh an léirithe chas Storace Molly Asthore dóibh. Ansin, "the boatswain...gave a loud whistle, and the crew, en masse, rose and gave three cheers...[and] then sang God Save the King."

Lá a chuaigh sé i láthair an Impire sa Schoenbrunn i 1787 bhí roinnt oifigeach de Bhriogáid na hÉireann i láthair freisin:

I found him with half-a-dozen General Officers, among whom were Generals O'Donnell and Kavanagh...; the latter said something to me in Irish, which I did not understand, consequently, made him no answer. The Emperor turned quickly on me, and said, "What, O'Kelly, don't you speak the language of your own country?" I replied, "Please your Majesty, none but the lowest orders of Irish people speak Irish." The Emperor laughed loudly. The impropriety of the remark, made before two Milesian Generals, in an instant flashed into my mind, and I could have bit my tongue off...

Cé go raibh roinnt Iodáilise aige faoin am a raibh sé ceithre bliana déag, agus cé gur labhair sé Fraincis ina dhiaidh sin, ní raibh Gaeilge riamh aige - cé go raibh sé cloiste aige ag an mbaile, mar chasadh a athair amhráin as Gaeilge.

I 1787, chuaigh sé go Londain in éineacht le Stephen agus Nancy Storace, ag taisteal tríd an nGearmáin agus tríd an bhFrainc. Bhí litir faighte aige i Vín óna athair á rá go raibh a mháthair tinn. Shroich siad Londain i mí na Márta ach níor bhain sé Baile Átha Cliath go dtí mí an Mheithimh tar éis bhás a mháthar. Fostaíodh é mar amhránaí ag amharclann Drury Lane, áit a raibh Bleá Cliathach eile - an drámadóir Richard Brinsley Sheridan - ina bhainisteoir. Chaith sé fiche bliain ina dhaidh sin mar amhránaí tenór san amharclann sin. Ba é an chéad cheoldráma ina raibh sé páirteach ná Lionel and Clarissa le Charles Dibdin. Ghlac sé féin páirt Lionel agus ghlac Anna Maria Crouch páirt Chlarissa. Cheana féin bhí sé ina chónaí tigh Bhean Crouch. D'imigh fear céile Anna Maria i 1791 agus ó shin go bhfuair sí bás in 1805 - í ina halcólach agus an tsláinte ag teip uirthi le tamall - bhí sise agus Kelly ina gcónaí le chéile, cé gur dóichí freisin go raibh sí ina leannáin ag Prionsa na Breataine Bige freisin i 1792 nó 1793. Sa samhradh bhíodh Kelly agus Bean Crouch ag obair sna hamharclanna cúige - amharclanna na hÉireann ina measc. Chuaigh siad ar an stáitse i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach. Ó 1793 ar aghaidh bhí Kelly freisin ina bhainisteoir stáitse ag Amharclann an Rí i Londain, áit ar léiríodh na ceoldrámaí Iodáileacha. Bhíodh léiriú cabhrach in aghaidh na bliana dó in ionad pá sheasta. I ndiaidh bhás Stephen Storace i 1796 bhí tóir air mar chumadóir ceoil ag Drury Lane. Ach bhí ar dhaoine eile an ceol a cheapadh sé a chóiriú do bhuíon ceoil, mar nach raibh an scil sin aige. Cheap sé roinnt ceoldrámaí - cé gurbh fhearr, b'fhéidir, drámaí le hamhráin ag gabháil leo a thabhairt orthu. Ba é Bluebeard an ceann is mó ar éirigh leis.

Um an dtaca seo bhí said chomh maith sin as nach mbíodh air féin nó ar Bhean Crouch an méid sin oibre a dhéanamh sa samhradh. Chaithidís níos mó ama ar cuairt ag a gcuid cairde. I 1796 bhunaigh seisean gnó mar fhoilsitheoir ceoil ina theach nua i Sráid Lisle, gar do Chearnóg Leicester. Bhí sé ag tabhairt Kelly air féin arís agus thugadh a chairde 'Mic' air.

Duine de na cairde ba mhó a bhí aige ag an am sin ba ea Richard Brinsley Sheridan agus tá nádúr an duine gafa aige go beacht sa phictiúr den fhear gaoiúil seo a chruthaíonn sé ina chuimhní cinn. Oíche ar fhág Kelly a theach faoi Sheridan agus beirt cairde leis d'ól siad cúig bhuidéal póirt, dhá bhuidéal fíona Maidéarach agus buidéal branda, agus bhí Sheridan chomh tinn sin ina dhiaidh nach bhféadadh sé éirí go dtí a seacht a chlog tráthnóna an lae dar gcionn. Bhíodh sé i gcónaí ar an ngannchuid ó thaobh airgid ach bhí sé plámásach freisin: tháinig fear chuige lá amháin ag iaradh fiacha £350 a bhailiú agus ní hamháin go bhfuair Sheridan réidh leis gan pingin a thabhairt dó ach go bhfuair sé iasacht £200 sa bhreis uaidh chomh maith. De réir Kelly, "tomorow was his day of business" agus deir sé go raibh an cúigiú mhír de Phizarro á scríobh ag Sheridan agus an dráma sin ar siúl ar an stáitse.

Ach is léir freisin gurbh fhear mór grinn é Sheridan. Bhí ceoldráma - The Caravan, or the Driver and his Dog - ar siúl ag Drury Lane. Bhí madra sa dráma seo a léimeadh isteach i linn uisce, a cuireadh ar an stáitse, chun an páiste a tharrtháil - éacht a fuair an-bhualadh bos ón lucht féachana i gcónaí. Nuair a shroich Sheridan an amharclann oíche amháin tháinig aisteoir chuige agus é an-bhuartha. Dúirt mo dhuine leis go raibh tinneas air agus nach bhféadfadh sé leanúint lena pháirt ar an oíche sin. "My good fellow," arsa Sheridan, "you terrified me. I thought you were going to tell me that the dog had taken ill."

Tá a lán eolais i gcuimhní cinn Kelly faoi nósanna na hamharclainne lena linn. Is léir gur cuireadh an-bhéim ar an seó iontu agus go mbíodh fíormheascán sna ceoldrámaí. Tráth dá riabh Sheridan ag lorg ceoldráma a thuillfeadh airgead don amharclann mhol Kelly sean-cheoldráma Cymon dó. "Cymon, my good Sir, would not bring sixpence to the treasury," arsa Sheridan leis.

"Granted, Sir," said I, "Cymon as it now stands certainly might not; but my reason for proposing it, is, that I saw at Naples an opera, at the end of which, was a grand procession and tournament, triumphal cars, drawn by horses, giants, dwarfs, leopards, lions, and tigers, which was eminently successful; and it is my opinion, that Cymon might be made a vehicle for the introduction of a similar spectacle..."

Chuir siad chuige chun Cymon a mhaisiú. Choinníodh cuid mhaith den cheol a cheap Michael Arne don dhráma bunaidh. Cheap Steven Storace agus Thomas Shaw, ceannaire bhuíon ceoil na hamharclainne, roinnt ceoil as an nua agus chóirigh Storace fonn a cheap Kelly féin. Sna léirithe féin tháining Cymon (Kelly) agus Sylvia ar an stáitse i gcarbad a raibh dhá chapall faoi agus Ciúipid bheag (an t-aisteoir Edmund Keane agus é ina pháiste) ann freisin.

Bhíodh sé de nós ag amhránaí freisin amhráin a thaithin leo, no a cheap siad a thaithnoeidh leis an lucht éisteachta, a chur isteach in aon cheoldráma a bhíodh ar siúl. I 1787, nuair a bhí Kelly páirteach i gComos i mBaile Átha Cliath, thóg sé díshéad as ceoldráma eile ar fad agus cuireadh le céad ghníomh Comus é. D'éirigh go maith leis:

no piece of music ever produced a greater effect; it was always called for three times, and no performance was allowed to go on in which it was not introduced; it was sung about the streets by ballad-singers, and parodied by the newsboys...

I 1803 bhí Kelly agus an soprán Iodálach Angelica Catalani páirteach i léiriú de Didone Abbandonata le Giovanni Paisiello i Luimneach. Bhí siad i lár díséid agus an lucht éisteachta gafa ag an gceol nuair a bhéic fear amach ón lochta - ag iarraidh go gcasfaí an amhrán céanna - "Mr Kelly, will you be good enough to favour us with - 'O thou wert born to please me?'"

Bhíodh Kelly ag dul chun na Fraince go rialta ó d'fhill sé ar an Ríocht Aontaithe. Bhíodh sé i bPáras go rialta i mblianta tosaigh Réabhlóid na Fraince. I mí an Mheitheamh 1791 bhí sé ag aon bhord i gcaife leis an bpoblachtánach Sasanach Tom Paine nuair a scaipeadh an nuacht go raibh Louis XVI agus a theaghlach gafa ag Varennes nuair a theip orthu teitheadh ón tír. "Never shall I forget the delight of that caitiff Tom Paine; his Bardolph face blazed with delight...," a deir sé. Ceapann údar amháin (Roger Fiske, a chur eagar ar a Reminiscences don Oxford University Press i 1975) go raibh bá ag Kelly leis an réabhlóid ag an tús ach gur iompaigh sé ina choinne ansin - dála mórán eile - agus go raibh sé ag iarraidh a bhá leis an réabhlóid ag an tús a cheilt nuair a bhí a chuimhní cinn á scríobh aige. Níl focal sa leabhar maidir le cúrsaí casta na hÉireann sa tréimhse chéanna.

In 1803 chuaigh Kelly ar an stáitse ag Drury Lance don uair dheireannach: an bhliain chéanna a d'fhág Nancy Storace an stáitse ar fad. An t-am deireannach a chas Kelly ar aon stáitse ba i mBaile Átha Cliath in 1811 é. Bhí ocht mbliana is daichead aige. An bhliain chéanna chlis ar an ngnó a bhunaigh sé i 1798. Ó 1814 í leith bhí sé buailte ag an ngúta agus ó 1820 bhí sé ag caitheamh níos mó ama in Brighton. Bhí Prionsa na Breataine Bige ina rí anois mar Seoirse IV. Caitheadh seisean cuid mhaith ama in Brighton freisin agus bhí sé mór le Kelly i gcónaí. Rinne Kelly sodar i ndiaidh na n-uaisle riamh agus, ní nach ionadh, chuaigh cineáltas na n-uaisle i bhfeidhm ar an duine seo de bhunadh meánaicmeach. Bhí sé ina dhílseoir críochnaithe anois. Seo an chríoch a chuir sé lena chuimhne cinn:

whenever my malady casts me upon a bed of suffering, I do not forget, that the most august hand in the Empire has condescended to place around it additional comforts;...and I say and sing, with heart and voice, devoutly and gratefully, 'GOD SAVE THE KING!'

Foilsíodh a chuimhní cinn in 1826 - an bhliain a fuair sé bás i Margate. Cuireadh é in eaglais Naomh Pól in Covent Garden i Londain.

D'fhág an caimileon lách seo, a bhí chomh scóipiúil ina óige agus ar éirigh chomh maith leis ina chaidreamh le daoine eile agus taitneamh a thabhairt dóibh. D'fhág sé leabhar suimiúil ina dhiaidh. Sa leabhar sin thug sé cuntas bríomhar picaresque ar a óige ar mhór-roinn na hEorpa. Tá an-chuimhse eolais le fáil ina leabhar freisin faoin gceol agus faoin amharclann lena linn, agus ar ndóigh, faoi féin.
Pictiúir: Barr an leathanaigh: Michael Kelly ina óige. Bun an leathanaigh: (ó chlé) Anna Maria Crouch, amhránaí agus leannán Kelly; Richard Brinsley Sheridan, drámadóir, cara le Kelly, agus bainisteoir na hAmharcalinne Ríoga, Lána Drury; Michael Kelly ag druidim le deireadh a shaoil.

Foilsíodh an t-alt seo i Comhar, Feabhra 1982.